Cearta na saoránach
Airteagal 46 - Cosaint taidhleoireachta agus chonsalach
Beidh gach saoránach den Aontas, ar chríoch tríú tíre nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnach de é nó í, i dteideal cosaint a fháil ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit sin.
An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is é an ceart a ráthaítear le hAirteagail 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é; féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal 23. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá feidhm aige faoi na coinníollacha a shainítear sa dá Airteagal sin.