Saoirsí
Airteagal 11 - Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil
1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse nochtaithe tuairime. Folóidh an ceart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha.
2. Déanfar saoirse agus iolrachas na meán a urramú.
1. Freagraíonn Airteagal 11 d'Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ar mar seo a leanas atá: `1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun tuairimí a nochtadh. Áirítear sa cheart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag duine agus chun eolas agus smaointe a ghlacadh agus a leathadh gan aon bhac ón údarás poiblí agus gan aird ar chríochtheoranta. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo aon Stát a chosc óna chur faoi dear do ghnóthais forleatha, chianamharcaíochta nó chineama ceadúnais a bheith acu. 2. Ós rud é go bhfuil dualgais agus mortabháil ag gabháil le feidhmiú na saoirsí sin, is cead go mbeadh a bhfeidhmiú faoi réir pé foirmiúlachtaí, coinníollacha, srianta nó pionós a bheas ordaithe le dlí agus is gá i ndaonlathas, ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta, le comhláine chríocha an Stáit nó le sábháilteacht an phobail, chun anord nó coiriúlacht a chosc, chun an tsláinte nó an mhoráltacht a chosaint, chun clú nó cearta daoine eile a chosaint, chun cosc a chur le sceitheadh aon eolais a gheofar i modh rúin, nó chun údarás agus neamhchlaontacht breithiúna a chumhdach.` De bhun Airteagal 52(3) den Chairt is ionann brí agus raon feidhme don cheart seo agus don cheart a ráthaítear sa CECD. Ní fhéadfar, mar sin, níos mó de theorainneacha a chur go dlisteanach leis ná na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 10(2) den Choinbhinsiún, gan dochar d'aon srianta a fhéadfar a fhorchur le dlí iomaíochta an Aontais ar cheart na mBallstát na socruithe maidir le ceadúnais dá dtagraítear sa tríú habairt d'Airteagal 10(1) den CECD a thabhairt isteach. 2. Léiríonn mír 2 den Airteagal seo go soiléir iarmhairtí mhír 1 maidir le saoirse na meán. Tá sé bunaithe ach go háirithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir leis an teilifís, go háirithe sa chás C–288/89 (breithiúnas an 25 Iúil 1991, Stichting Collectieve Antennevoorziening Gouda e.a. [1991] ECR I–4007), agus ar an bPrótacal maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit atá i gceangal le Conradh CE agus atá anois i gceangal leis na conarthaí, agus ar Threoir 89/552/CEE ón gComhairle (go háirithe an seachtú réamhaithris déag de).