eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 24 - Cearta an linbh

Airteagal 24 - Cearta an linbh

1. Beidh ag leanaí an ceart chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail. Féadfaidh siad a dtuairimí a nochtadh go saorálach. Cuirfear na tuairimí sin san áireamh i dtaca le hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht.
2. I ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á ghlacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, ní mór leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh.
3. Beidh ag gach leanbh an ceart chun caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a bheith aige nó aici go tráthrialta lena bheirt nó lena beirt thuismitheoirí mura rud é go bhfuil sé sin contrártha le leasanna an linbh.

  • Text:

    Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Choinbhinsiún Nua-Eabhrac um Chearta an Linbh, a síníodh an 20 Samhain 1989 agus atá daingnithe ag na Ballstáit uile, agus go háirithe ar Airteagail 3, 9, 12 agus 13 de.

    Cuirtear san áireamh i mír 3 go bhféadfadh sé, mar chuid de bhunú limistéir shaoirse, shlándála agus cheartais, go n-áireofaí i reachtaíocht an Aontais maidir le hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, a dtugann Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh cumhachtaí ina leith, cearta cuairte lena gcinntítear go bhféadfaidh leanaí teagmháil phearsanta, dhíreach a bheith acu ar bhonn rialta lena mbeirt tuismitheoirí.

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
  • Jasna Detiček v Maurizio Sgueglia
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Third Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Education, training, youth, sport
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2009:810
  • Inga Rinau
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    European Court of Justice (Third Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
  • Dynamic Medien Vertriebs GmbH v Avides Media AG
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    European Court of Justice (Third Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
  • European Parliament v Council of the European Union
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    European Court of Justice
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):

0 results found

0 results found

0 results found