Comhionannas
Airteagal 26 - Daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú
Aithníonn agus urramaíonn an tAontas ceart daoine faoi mhíchumas chun tairbhiú de bhearta atá ceaptha chun neamhspleáchas na ndaoine sin, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.
Tá an prionsabal a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagal 15 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus tarraingíonn sé freisin ar phointe 26 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.