Ceartas
Airteagal 48 - Toimhde na neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil
1. Toimhdeofar gach duine atá cúisithe a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar é nó í a bheith ciontach de réir dlí. 2. Déanfar urraim ar na cearta maidir le cosaint aon duine atá cúisithe a ráthú.
Is ionann Airteagal 48 agus Airteagal 6(2) agus (3) den CECD, ar mar seo a leanas atá:
`2. Gach uile dhuine a chúiseofar i gcion coiriúil, is tuigthe é a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar ciontach é de réir dlí.
3. Gach uile dhuine a chúiseofar i gcion coiriúil beidh na bunchearta seo a leanas aige:
(a) go n-inseofar gan mhoill dó, i dteanga a thuigfeas sé agus go mionchruinn, gné agus fáth an chúisimh ina choinne;
(b) a leordhóthain ama agus saoráidí a bheith aige chun a chosaint d'ullmhú;
(c) é féin a chosaint i bpearsain nó trí chabhair dhlíthiúil dá roghain féin nó, mura bhfuil sé acmhainneach ar íoc as cabhair dlíthiúil, sin d'fháil in aisce nuair is gá sin ar mhaithe leis an gceartas;
(d) finnéithe ina choinne a cheistiú nó a chur dá gceistiú agus finnéithe thar a cheann a thabhairt i láthair agus a cheistiú de réir na gcoinníollacha céanna a bhainfeas le finnéithe ina choinne;
(e) cabhair teangaire d'fháil in aisce mura féidir leis an teanga a úsáidtear sa chúirt a thuiscint nó a labhairt.`
I gcomhréir le hAirteagal 52(3), is ionann brí agus raon feidhme don cheart seo agus don cheart a ráthaítear leis an CECD.