Saoirsí
Airteagal 16 - Saoirse chun gnó a sheoladh
Aithnítear an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais inar aithníodh an tsaoirse chun gníomhaíocht eacnamaíochta nó thráchtála a fheidhmiú (féach breithiúnais an 14 Bealtaine 1974, Cás 4/73, Nold [1974] ECR 491, mír 14 de na forais; agus an 27 Meán Fómhair 1979, Cás 230/78 SpA Eridiana agus eile [1979] ECR 2749, míreanna 20 agus 31 de na forais agus an tsaoirse chonarthach (féach inter alia Sukkerfabriken Nykøbing, Cás 151/78 [1979] ECR 1, mír 19 de na forais, agus breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 1999, C–240/97 An Spáinn v. an Coimisiún, [1999] ECR I–6571, mír 99 de na forais), agus Airteagal 119(1) agus (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina n-aithnítear an tsaoriomaíocht. Ar ndóigh, tá an ceart seo le feidhmiú agus urraim á tabhairt do dhlí an Aontais agus don reachtaíocht náisiúnta. Féadfar é a chur faoi réir na dteorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 52(1) den Chairt.