Comhionannas
Airteagal 20 - Comhionannas os comhair an dlí
Is comhionann gach duine os comhair an dlí..
Freagraíonn an tAirteagal seo do phrionsabal ginearálta dlí atá le fáil sna Bunreachtanna Eorpacha go léir agus atá aitheanta freisin ag an gCúirt Bhreithiúnais mar bhunphrionsabal de dhlí an Chomhphobail (breithiúnas an 13 Samhain 1984, Cás 283/83 Racke [1984] ECR 3791, breithiúnas an 17 Aibreán 1997, Cás 15/95 EARL [1997] ECR I–1961, agus breithiúnas an 13 Aibreán 2000, Cás 292/97 Karlsson [2000] ECR 2737).