eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 21 - Neamh-idirdhealú

Airteagal 21 - Neamh-idirdhealú

1. Toirmiscfear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.
2. Laistigh de raon feidhme na gConarthaí, agus gan dochar d'aon cheann dá bhforálacha sonracha, toirmiscfear aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta.

  • Text:

    Tarraingíonn mír 1 ar Airteagal 13 de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh curtha ina ionad anois, ar Airteagal 14 den CECD agus ar Airteagal 11 den Choinbhinsiún um Chearta an Duine agus an Bhithmhíochaine maidir leis an oidhreacht ghéiniteach. A mhéid a fhreagraíonn sí d'Airteagal 14 den CECD, tá sí infheidhme i gcomhréir leis.
    Níl mír 1 agus Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh contrártha lena chéile ná níl siad ar neamhréir le chéile ná ní hionann an raon feidhme ná an chríoch atá acu: tugann Airteagal 19 cumhacht don Aontas chun gníomhartha reachtacha a ghlacadh, lena n-áirítear comhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát, chun cineálacha áirithe idirdhealaithe, a bhfuil liosta iomlán díobh san Airteagal sin, a chomhrac. Féadfaidh reachtaíocht den sórt sin gníomhaíocht údaráis na mBallstát a chlúdach (mar aon leis an gcaidreamh idir dhaoine aonair) in aon réimse faoi theorainn chumhachtaí an Aontais. Maidir leis an bhforáil inAirteagal 21(1), áfach, ní chruthaítear aon chumhacht inti chun dlíthe frith-idirdhealaithe a achtú sna réimsí sin de ghníomhaíocht na mBallstát nó den ghníomhaíocht phríobháideach, ná ní chuireann sí toirmeasc glan ar an idirdhealú sna réimsí móra forleathana sin. Níl ann ach go ndíríonn sí ar an idirdhealú a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus cumhachtaí arna dtabhairt dóibh faoi na conarthaí á bhfeidhmiú acu, agus ar an idirdhealú a dhéanann na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. Dá bhrí sin, ní chuireann mír 1 aon athrú ar raon feidhme na gcumhachtaí a thugtar faoi Airteagal 19 ná ar an léiriú a dhéantar ar an Airteagal sin.
    Freagraíonn mír 2 d'Airteagal 18(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ní mór í a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis.

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
  • NH v Associazione Avvocatura per i diritti LGBTI - Rete Lenford
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Grand Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Employment and social policy
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2020:289
  • CO v Comune di Gesturi
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Eighth Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Employment and social policy
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2020:272
  • Raivo Teeäär v European Central Bank
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    General Court (First Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Employment and social policy
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:T:2020:119
  • Baltic Cable AB v Energimarknadsinspektionen.
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Third Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Energy
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2020:189
  • International Forum for Sustainable Underwater Activities (IFSUA) v Council of the European Union
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    General Court (First Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Maritime Affairs And Fisheries
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:T:2020:89
  • Credito Fondiario SpA v Single Resolution Board
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Eight Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Economic and monetary affairs
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2020:178
  • TK and Others v Land Sachsen-Anhalt
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Seventh Chmaber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Employment and social policy
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2020:125
  • České dráhy a.s. v European Commission
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Eight Chamber)
    Type:
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2020:53
  • DŚ v Zakład Ubezpieczeń Społecznych Oddział w Jaśle
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Third Chamber)
    Type:
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2020:42
  • Almudena Baldonedo Martín v Ayuntamiento de Madrid
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Second Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Employment and social policy
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2020:26

0 results found

0 results found

0 results found