Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Airteagal 32 - Toirmeasc ar leanaí a bheith ag obair agus cosaint daoine óga ag an obair
Airteagal 32 - Toirmeasc ar leanaí a bheith ag obair agus cosaint daoine óga ag an obair
Toirmisctear fostaíocht a thabhairt do leanaí. Ní fhéadfaidh an aois íosta chun dul i mbun fostaíochta a bheith níos ísle ná an aois íosta chun an scoil a fhágáil, gan dochar do cibé rialacha atá níos fabhrúla do dhaoine óga agus seachas i gcás maoluithe teoranta amháin.
Daoine óga a gceadaítear dóibh dul i mbun fostaíochta, ní mór dálaí oibre a bheith acu a oireann dá n-aois agus ní mór iad a chosaint ar dhúshaothrú eacnamaíoch agus ar aon obair ar dóigh di a sábháilteacht, a sláinte, a bhforbairt choirp, mheabhrach, mhorálta nó shóisialta a dhochrú nó cur isteach ar a n-oideachas.