Forálacha ginearálta
Airteagal 51 - Raon feidhme
1. Tá forálacha na Cairte seo dírithe ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le hurraim chuí do phrionsabal na coimhdeachta, agus ar na Ballstáit an tráth a gcuireann siad dlí an Aontais chun feidhme, agus an tráth sin amháin. Dá dheasca sin, tabharfaidh siad aird ar na cearta, déanfaidh siad na prionsabail a urramú agus cuirfidh a gcur i bhfeidhm chun cinn i gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach agus na teorainneacha atá ar chumhachtaí an Aontais mar atá siad tugtha dó sna Conarthaí á n-urramú acu. 2. Ní dhéanann an Chairt seo raon feidhme dhlí an Aontais a fhorleathnú thar chumhachtaí an Aontais ná aon chumhacht ná aon chúram nua a bhunú don Aontas, ná cumhachtaí agus cúraimí atá sainithe sna Conarthaí a mhodhnú..
Is é is aidhm d'Airteagal 51 raon feidhme na Cairte a chinneadh. Féachtar ann lena shuíomh go soiléir gur maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais is mó atá feidhm ag an gCairt, de réir phrionsabal na coimhdeachta. Dréachtaíodh an fhoráil seo i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lenar cuireadh de cheangal ar an Aontas cearta bunúsacha a urramú, agus i gcomhréir leis an sainordú arna eisiúint ag Comhairle Eorpach Köln. Tá an téarma `institiúidí` cumhdaithe sna conarthaí. Is minic, sna conarthaí, a úsáidtear an abairt `comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí` chun tagairt a dhéanamh do na heagrais uile arna mbunú leis na conarthaí nó le reachtaíocht thánaisteach (féach, mar shampla, Airteagal 15 nó Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh). Maidir leis na Ballstáit, eascraíonn sé go glan soiléir as cásdlí na Cúirte Breithiúnais nach bhfuil an ceanglas maidir le cearta bunúsacha a urramú, a shainítear i gcomhthéacs an Aontais, ceangailteach ar na Ballstáit ach amháin nuair a ghníomhaíonn siad laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais (breithiúnas an 13 Iúil 1989, Cás 5/88 Wachauf [1989] ECR 2609; breithiúnas an 18 Meitheamh 1991, Cás C-260/89 ERT [1991] ECR I-2925; breithiúnas an 18 Nollaig 1997 (C–309/96 Annibaldi [1997] ECR I–7493). Dhaingnigh an Chúirt Bhreithiúnais an cásdlí seo sna téarmaí seo a leanas: `Fairis sin, ba chóir a mheabhrú go bhfuil na ceanglais a eascraíonn ó chosaint ceart bunúsach i ndlíchóras an Chomhphobail ceangailteach freisin ar na Ballstáit nuair a chuireann siad rialacha Comhphobail chun feidhme ...` (breithiúnas an 13 Aibreán 2000, Cás C-292/97, [2000] ECR I-2737, mír 37 de na forais). Ar ndóigh, tá feidhm ag an riail seo, mar atá sí cumhdaithe sa Bhunreacht, maidir le húdaráis láir agus maidir le comhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla, agus maidir le heagraíochtaí poiblí, nuair a chuireann siad chun feidhme dlí an Aontais. Daingníonn mír 2, i dteannta an dara habairt de mhír 1, nach bhféadfaidh sé a bheith de thoradh ar an gCairt go leathnaítear na cumhachtaí agus na cúraimí a thugtar don Aontas leis na conarthaí. Luaitear go sonrach anseo iarmhairtí loighciúla phrionsabal na coimhdeachta agus nach bhfuil de chumhachtaí ag an Aontas ach a bhfuil tugtha dó. Níl éifeacht ar bith leis na cearta bunúsacha mar a ráthaítear san Aontais iad seachas i gcomhthéacs na gcumhachtaí a chinntear leis na conarthaí. Dá bhrí sin, is laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí céanna sin amháin a eascróidh aon oibleagáid a bheidh ar institiúidí an Aontais, de bhun an dara habairt de mhír 1, prionsabail a leagtar síos sa Chairt a chur chun cinn. Daingníonn mír 2 freisin nach bhféadfaidh sé a bheith de thoradh ar an gCairt raon feidhme dhlí an Aontais a leathnú níos faide ná cumhachtaí an Aontais mar atá arna mbunú sna conarthaí. Tá an riail seo bunaithe cheana ag an gCúirt Bhreithiúnais i dtaca leis na cearta bunúsacha a aithnítear mar chuid de dhlí an Aontais (breithiúnas an 17 Feabhra 1998, C–249/96 Grant [1998] ECR I–621, pointe 45 de na forais). I gcomhréir leis an riail seo, ní gá a rá nach féidir an tagairt don Chairt in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a thuiscint mar ní a leathnaíonn as féin raon gníomhaíochta na mBallstát a mheasfar mar `chur chun feidhme dhlí an Aontais` (de réir bhrí mhír I agus an chásdlí thuasluaite).