Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 12 den CECD ar mar seo a leanas atá: `Ar aois in-nuachair a shlánú dóibh tá ag fir agus ag mná an ceart chun pósadh agus teaghlach a bhunú, de réir na ndlíthe náisiúnta a bhaineas le feidhmiú an chirt sin.` Cuireadh cruth na haimsire seo ar fhoclaíocht an Airteagail chun go gclúdódh sé cásanna ina n-aithníonn an reachtaíocht náisiúnta socraíochtaí eile seachas an pósadh le haghaidh teaghlach a bhunú. Ní thoirmisceann ná ní fhorchuireann an tAirteagal seo stádas an phósta a dheonú d'aontais idir dhaoine den ghnéas céanna. Tá cosúlacht ag an gceart seo, dá bhrí sin, leis an gceart a dheonaítear sa CECD, ach féadfaidh raon feidhme níos leithne a bheith aige nuair a fhoráiltear amhlaidh le reachtaíocht náisiúnta.