eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 12 - Saoirse comhthionóil agus comhlachais

Airteagal 12 - Saoirse comhthionóil agus comhlachais

1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe in ábhair pholaitiúla, ceardchumainn agus sibhialta, rud a thugann le tuiscint go bhfuil ag gach duine an ceart chun ceardchumainn a chur ar bun agus an ceart chun bheith mar bhall de cheardchumainn chun a leasanna a chosaint.

2. Rannchuidíonn na páirtithe polaitiúla ar leibhéal Aontais chun toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

  • Text:

    1. Freagraíonn mír 1 den Airteagal seo d'Airteagal 11 den CECD ar mar seo a leanas atá:
    `1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse a bheith aige teacht ar tionól agus gabháil le comhlachas go sítheoilte, lena n-áirítear an ceart chun ceardchumainn a bhunú agus gabháil le ceardchumainn chun a leasa a chosaint.
    2. Ní chuirfear aon srian le feidhmiú na gceart sin seachas pé srian a bheas ordaithe le dlí agus is gá i ndaonlathas ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta nó le sábháilteacht an phobail, nó chun anord nó coiriúlacht a chosc, nó chun an tsláinte nó an mhoráltacht a chosaint nó chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Ní choiscfidh an tAirteagal seo srianta dleathacha a chur ar fheidhmiú na gceart sin ag comhaltaí de na fórsaí armtha, de na póilíní, nó de lucht riaracháin an Stáit.`
    Is ionann an bhrí atá le forálacha mhír 1 den Airteagal seo 12 agus an bhrí atá leis an CECD ach is forleithne a raon feidhme toisc go bhfuil feidhm acu ar gach uile leibhéal, lena n-áirítear an leibhéal Eorpach. I gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, ní fhéadfar níos mó de theorainneacha a chur leis an gceart sin ná na teorainneacha a mheastar a bheith dlisteanach de bhua Airteagal 11(2) den CECD.
    2. Tá an ceart seo bunaithe freisin ar Airteagal 11 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.
    3. Freagraíonn mír 2 den Airteagal seo d'Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found