eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 5 - Toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe

Airteagal 5 - Toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe

1. Ní dhéanfar aon duine a choimeád faoi sclábhaíocht nó faoi dhaoirse.

2. Ní dhéanfar iallach a chur ar aon duine saothar éignithe nó éigeantach a dhéanamh.

3. Toirmisctear an gháinneáil ar dhaoine.

  • Text:

    1. Freagraíonn an ceart atá in Airteagal 5(1) agus (2) d'Airteagal 4(1) agus (2) den CECD, a bhfuil an fhoclaíocht chéanna ann. Mar sin, is ionann brí agus raon feidhme dó agus don Airteagal sa CECD, de bhua Airteagal 52(3) den Chairt. Dá bharr sin:
    - ní dhéanfaidh aon teorannú difear go dlisteanach don cheart dá bhforáiltear i mír 1;
    - ní mór féachaint do na sainmhínithe `diúltacha` atá in Airteagal 4(3) den CECD agus brí á baint as an nath `saothar éignithe nó éigeantach` i mír 2:
    `Chun críche an Airteagail seo ní áireofar mar `obair ainneonach nó éigeantach`:
    (a) aon obair a chuirfear faoi dear a dhéanamh i ngnáthchúrsa coinneála a bheas curtha ar dhuine de réir fhorálacha Airteagal 5 den Choinbhinsiún seo nó le linn duine a bheith ar saoirse choinníollach ón gcoinneáil sin;
    (b) aon tseirbhís de ghné mhíleata nó, i gcás agóideoirí coinsiasacha i dtíortha a dtugtar aithint dóibh sin, seirbhís a ordaítear in ionad seirbhíse míleata éigeantaí;
    (c) aon tseirbhís a ordaítear i gcás éigeandáil nó anachain a bheith ag bagairt bhascadh nó aimhleas an phobail;
    (d) aon obair nó seirbhís is cuid de ghnáthdhualgais saoránaigh.`
    2. Eascraíonn mír 3 go díreach ó dhínit an duine agus cuirtear san áireamh sa mhír seo na forbairtí is déanaí sa choireacht eagraithe, eagrú na hinimirce neamhdhlíthiúla brabúsaí, mar shampla, nó gréasáin um dhúshaothrú gnéasach. San Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Europol, tá an sainmhíniú seo a leanas ina dtagraítear don gháinneáil ar mhaithe leis an dúshaothrú gnéasach:`ciallaíonn `ceannaíocht i ndaoine` duine a chur faoi smacht iarbhír agus neamhdhleathach daoine eile trí fhoréigean nó bagairtí a úsáid nó trí ghaol údaráis a mhí-úsáid nó trí inlíochtaí d'fhonn gabháil le dúshaothrú meirdreachais, foirmeacha dúshaothraithe chollaí agus ionsaí ar mhionaoisigh nó tráchtáil i ndáil le leanaí a thréigean`. I gCaibidil VI den Choinbhinsiún ag cur Chomhaontú Schengen chun feidhme, coinbhinsiún atá lánpháirtithe in acquis an Aontais, a bhfuil an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach ann, tá an fhoclaíocht seo a leanas in Airteagal 27(1) ina dtagraítear do ghréasáin inimirce neamhdhleathaí: `Gabhann na Páirtithe Conarthacha ar láimh pionóis iomchuí a fhorchur ar aon duine a chuidíonn nó a fhéachann le cuidiú, ar mhaithe le brabús, le heachtrannach teacht isteach nó fanacht ar chríoch Páirtí Chonarthaigh de shárú ar dhlíthe an Pháirtí Chonarthaigh sin maidir le heachtrannaigh teacht isteach agus fanacht.` An 19 Iúil 2002, ghlac an Chomhairle cinneadh réime maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine a chomhrac (IO L 203, 1.8.2002, lch. 1) agus sainmhínítear in Airteagal 1 de na cionta atá i gceist leis an ngáinneáil ar dhaoine ar mhaithe leis an dúshaothrú oibre nó leis an teacht i dtír gnéasach, cionta a gcaithfidh na Ballstáit cionta inphionóis a dhéanamh díobh de bhua an chinnidh réime sin.

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found