Saoirsí
Airteagal 10 - Saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin
1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin. Tá ar áireamh sa cheart sin saoirse chun reiligiún nó creideamh a athrú agus saoirse, mar dhuine aonair nó i gcomhluadar le daoine eile agus go poiblí nó go príobháideach, reiligiún nó creideamh a léiriú trí adhradh, trí theagasc, trí chleachtas agus trí dheasghnátha.
2. Aithnítear an ceart chun agóid choinsiasach a dhéanamh i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú an chirt sin.
Freagraíonn an ceart a ráthaítear i mír 1 don cheart a ráthaítear in Airteagal 9 den CECD agus, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt is ionann an raon feidhme atá aige agus atá ag an Airteagal sin. Ní mór dá bhrí sin do theorainneacha leis an gceart sin Airteagal 9(2) den Choinbhinsiún a urramú ar mar a leanas atá: `Ní bheidh de shrian ar shaoirse duine chun a chreideamh nó a dheimhne d'fhoilsiú ach pé srian a ordófar le dlí agus is gá i ndaonlathas ar mhaithe le slándáil an phobail, chun an t-ord poiblí, an tsláinte nó an mhoráltacht a chosaint, nó chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.` Freagraíonn an ceart a ráthaítear i mír 2 do na traidisiúin bhunreachtúla náisiúnta agus don fhorbairt atá tagtha ar an reachtaíocht náisiúnta maidir leis an gceist seo.