Dínit
Ní dhéanfar céastóireacht ar aon duine ná ní chuirfear aon íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach ar aon duine..
Is é an ceart atá i gceist in Airteagal 4 an ceart a ráthaítear in Airteagal 3 den CECD, agus is ionann an fhoclaíocht ann: `Ní dhéanfar céastóireacht ar dhuine ar bith ná cóir ná pionós mídhaonna nó táirchéimneach a chur air.` De bhua Airteagal 52(3) den Chairt, is ionann brí agus raon dó agus don Airteagal sa CECD.