Help us make the EU Charter section of our website better for you!

Take part in a one-to-one session and help us improve the Charter section of our website. It will take a maximum of 45 minutes of your time.

YES, I AM INTERESTED NO, I AM NOT INTERESTED

eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 23 - Comhionannas idir mná agus fir

Airteagal 23 - Comhionannas idir mná agus fir

Ní mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá.
Ní chuirfidh prionsabal an chomhionannais cosc ar bhearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha i bhfabhar an ghnéis thearcionadaithe.

    • Text:

      Tá an chéad mhír bunaithe ar Airteagail 2 agus 3(2) de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 3 den Chonradh ar an Aonas Eorpach agus Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh curtha ina n-ionad anois, ina gcuirtear de cheangal ar an Aontas cothú an chomhionannais idir mná agus fir a bheith mar chuspóir aige. Tá sí bunaithe freisin ar Airteagal 157(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tarraingíonn sí ar Airteagal 20 de Chairt Shóisialta na hEorpa an 3 Bealtaine 1996 arna hathbhreithniú agus ar phointe 16 den Chairt Chomhphobail um chearta le haghaidh oibrithe.
      Tá sé bunaithe freisin ar Airteagal 157(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 2(4) de Threoir 76/207/CEE ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne idir mná agus fir a chur chun feidhme maidir le rochtain ar an bhfostaíocht, ar an ngairmoiliúint agus ar ardú céime, agus maidir le dálaí oibre.
      Is leagan giorraithe d'Airteagal 157(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá i mír 2 ina bhforáiltear nach gcoisctear le prionsabal na córa comhionainne bearta a choimeád ar bun ná bearta a ghlacadh ina bhforáiltear do bhuntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe slí bheatha ghairmiúil a shaothrú nó chun míbhuntáistí gairmréime a chosc nó a chúiteamh. I gcomhréir le hAirteagal 52(2), ní dhéanann an dara mír leasú ar Airteagal 157(4).

      Source:
      Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
      Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
      Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.

    0 results found

    0 results found

    0 results found

    0 results found