eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Teideal II

Saoirsí

  • Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse agus slándála pearsan.

  • Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú.

  • 1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

    2. Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí. Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe agus a bhaineann leis nó léi, agus an ceart go ndéanfar na sonraí sin a cheartú.

    3. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi réir a rialaithe ag údarás neamhspleách.

  • Déanfar an ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a bhunú a ráthú i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin.

  • 1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin. Tá ar áireamh sa cheart sin saoirse chun reiligiún nó creideamh a athrú agus saoirse, mar dhuine aonair nó i gcomhluadar le daoine eile agus go poiblí nó go príobháideach, reiligiún nó creideamh a léiriú trí adhradh, trí theagasc, trí chleachtas agus trí dheasghnátha.

    2. Aithnítear an ceart chun agóid choinsiasach a dhéanamh i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú an chirt sin.

  • 1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse nochtaithe tuairime. Folóidh an ceart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha.

    2. Déanfar saoirse agus iolrachas na meán a urramú.

  • 1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe in ábhair pholaitiúla, ceardchumainn agus sibhialta, rud a thugann le tuiscint go bhfuil ag gach duine an ceart chun ceardchumainn a chur ar bun agus an ceart chun bheith mar bhall de cheardchumainn chun a leasanna a chosaint.

    2. Rannchuidíonn na páirtithe polaitiúla ar leibhéal Aontais chun toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

  • Beidh na healaíona agus an taighde eolaíoch saor ó shriantacht. Déanfar an tsaoirse acadúil a urramú.

  • 1. Tá ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach.
    2. Folaíonn an ceart sin an chaoi chun saoroideachas éigeantach a fháil.
    3. Déanfar an tsaoirse chun forais oideachasúla a chur ar bun le hurraim chuí do phrionsabail dhaonlathacha agus do cheart tuismitheoirí a áirithiú go ndéanfar a leanaí a oiliúint agus a theagasc i gcomhréir lena n-áitiúis reiligiúnacha, fhealsúnacha agus oideolaíocha, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú na saoirse agus na gceart sin..

  • 1. Tá ag gach duine an ceart chun obair a dhéanamh agus gabháil do shlí bheatha atá roghnaithe nó glactha go saorálach aige nó aici.
    2. Tá ag gach saoránach den Aontas an tsaoirse chun fostaíocht a lorg, chun obair a dhéanamh, agus chun an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar nó a fháil in aon Bhallstát a fheidhmiú.
    3. Tá náisiúnaigh tríú tíortha atá údaraithe chun obair a dhéanamh ar chríoch na mBallstát i dteideal dálaí oibre a bheith acu atá coibhéiseach leis na dálaí oibre atá ag saoránaigh an Aontais.

  • Aithnítear an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

  • 1. Tá ag gach duine an ceart chun a shealúchais nó a sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú, a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú. Ní fhéadfar a shealúchais nó a sealúchais a cheilt ar dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí, ach sin faoi réir cúiteamh cóir a íoc in am trátha mar chomaoin ar chailleadh na sealúchas sin. Féadfar úsáid maoine a rialáil le dlí a mhéad is gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta.
    2. Déanfar an mhaoin intleachtúil a chosaint.

  • Ráthófar an ceart chun tearmainn agus urraim chuí á tabhairt do rialacha Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Phrótacal an 31 Eanáir 1967 a bhaineann le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "na Conarthaí" anseo feasta).

  • 1. Toirmiscfear díbirtí comhchoiteanna.
    2. Ní fhéadfar aon duine a aistriú, a dhíbirt nó a eiseachadadh chuig Stát ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfar é nó í a chur faoi phionós an bháis nó a chéasadh nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach a chur air nó uirthi.

Teideal II

Saoirsí