Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Airteagal 45 - Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe
1. Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát. 2. Féadfar saoirse gluaiseachta agus cónaithe a dheonú, i gcomhréir leis na Conarthaí, do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil ar chríoch Ballstáit.