10
June
2021

Tuarascáil um Chearta Bunúsacha – 2021 - Tuairimí ó FRA

Bhí idir dhul chun cinn agus dul ar gcúl le tabhairt faoi
deara i ndáil le cosaint na gceart bunúsach in 2020. Sa
Tuarascáil um Chearta Bunúsacha 2021 ó FRA, féachtar
siar ar na mórfhorbairtí sa réimse agus sainaithnítear
na héachtaí a bhí ann agus réimsí ar ábhair imní
iad go fóill.
Forbhreathnú

San fhoilseachán seo, cuirtear i láthair tuairimí ó FRA faoi na príomhfhorbairtí sna réimsí téamacha a chumhdaítear agus déantar achoimre ar an bhfianaise a thacaíonn leis na tuairimí sin. Ar an gcaoi sin, tugtar forbhreathnú gairid, ach faisnéiseach, ar na príomhdhúshláin i dtaca le cearta bunúsacha atá le sárú ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit.